Teagasc agus Foghlaim
I gColáiste Dhún Másc bíonn an dalta lárnach san fhoghlaim. An príomhaidhm ná chun a chur ar chumas na ndaltaí a bheith freagrach as a gcuid fhoghlaim féin, chun a bheith foghlaimeoirí féin spreagtha, gníomhacha agus paiseanta.
Úsáidtear Measúnú ar an bhFoghlaim agus Measúnú Chun Foghlama sa scoil. Tugtar an deis ansin do dhaltaí, páirt a ghlacadh ina bhforbairt agus ina bhfoghlaim agus ag an am céanna, is féidir le múinteoirí measúnú a dhéanamh agus súil a choiméad ar dhul chun cinn na ndaltaí.
Measúnú Chun Foghlma
Tugann Measúnú Chun Foghlama an deis do scoláirí a bheith mar rannpháirtithe gníomhacha ina bhfoghlaim féin. Is measúnú foirmitheach é a dhéantar i bpáirtíocht leis an measúnú suimitheach traidisiúnta.
Is féidir le scoláirí a aimsiú cá bhfuil siad san fhoghlaim, cá bhfuil orthu dul agus conas is féidir leo an chéad chéim eile a bhaint amach. I gColáiste Dhún Másc mínítear topaicí gach ábhar don bhliain ar fad agus cuirtear in iúl dóibh go cúramach céard a bheidh i gceist le gach téarma. Ina theannta, mínítear na torthaí foghlama bheartaithe le linn gach ranga. Is féidir le scoláirí dul i ngleic lena gceachtanna i slí eolasach de thoradh.
Is féidir MCF a dhéanamh i roinnt slite éagsúla ach toisc go bhfuil IPads ag na daltaí is féidir é a dhéanamh ag baint úsáid as TFC – aipeanna agus cluichí ar line cosúil le Kahoot, Plichers, SeeSaw srl. Freisin, le linn ranganna áirithe bíonn ar dhaltaí úsáid a bhaint as dialann mhacnaimh chun cuntas a choiméad dá bhfoghlaim.
Faoi dheireadh cuireann MCF béim láidir ar aiseolas lánbhrí. Tugtar aiseolas cuiditheach do na scoláirí go minic faoin fhoghlaim agus faoin fhorbairt. De thoradh, cuidítear dóibh a aimsiú cá agus conas is féidir leo dul chun cinn a dhéanamh.
Trealaimh Scoile
- Aireamhán Casio FX83
- Seit mata, rialóir
- Cas peann luaidhe, pinn srl (cosc ar Tippex leachtach)
- 3 cóipleabhar crua eolaíochta A4
- Lámhscribhinn ceoil
- 10 cóipleabhar crua A4
- 12 cóip leabhar bog
- Péire cluasáin
- 5 Fillteán A4, bosca pócaí plaisteach